Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Is ea go deimhin, tá áit chónaithe tógtha agam duit, Áit duit chun cónaí ann go brách.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus dfill an rígh a aghaidh, agus do bheannuigh sé comhchruinniughadh Israel uile: (agus comhchruinniughadh Israel uile na seasamh;)

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:14
14 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua.


Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví, bheannaigh sé an pobal in ainm an Tiarna.


Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.


Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.


Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.


Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.


Rinne an pór Iosraelach iad féin a dheighilt ón muintir dheoranta go léir; sheasaíodar ansiúd ag admháil a bpeacaí agus coireanna a sinsear.


Is beannaithe in ainm an Tiarna an té atá le teacht. Beannaímid sibh as teach an Tiarna.


Nuair a d'fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d'éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin.


agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach.


Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí