Matha 20:34 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus le trua a bhí air leag Íosa a mhéar ar a súile, agus ar an toirt fuair siad a n‑amharc agus lean siad é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Bhí truaighe ag Íosa dóibh agus bhain sé le n-a súla; fuair siad a n-amharc ar an bhomaite, agus lean siad é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinne Íosa truagh dhóibh, agus do chuir sé a mhéar ar a súilibh, agus ar an láthair tháinig a radharc dóibh, agus do leanadar é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabh trúaighe Iósa dhóibh, agus do bhean sé ré na súilibh: agus taínic radharc da súilibh ar an mball, agus do leanadar eisean. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é. |
Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.
Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.”
Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh
Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air.
Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.”
Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.
Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga,
Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.
Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í.
Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”
Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.
Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.