Matha 15:32 - An Bíobla Naofa 198132 Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)32 Ba ansin a ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige go ndúirt sé leo, “Tá trua agam don slua, mar tá siad na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan bia le caitheamh acu; agus tá leisce orm á gcur uaim agus ocras orthu, ar eagla go dtite siad i laige ar an tslí.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara32 Agus ar ghairm a dheisciobal chuige do Íosa, dubhairt sé: Tá truaighe agam do’n tsluagh, óir d’fhan siad anois trí lá i mo chuideachta, agus ní fhuil rud ar bith le h-ithe acu; agus ní h-áil liom iad a chur ar shiubhal ina dtroscadh, ar eagla go dtéigheadh siad ar laige ar an bhealach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)32 Agus do ghlaodh Iosa chuige a dheisceabail, agus adubhairt sé, Atá truagh agam do’n tsluagh, óir atá siad im’ fhochair le trí lá anóis, agus gan éinnidh le n’ithe aca: agus níor mhaith liom iad do chur uaim ’n‐a dtroscadh, ar eagla go dtuitfidís ar an slighe. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)32 Agus ar ngairm a dheisciobal chuige Diósa, a dubhairt sé, A tá trúaighe agam don tslúagh, oir do fhanadar a nois ré trí lá am fhocair, agus ni bhfuil ní acá do iósaidis: agus ni hail leam a leígean úaim na dtrosgadh, deagla go racháidis a nanbhfainne ar a tslighe. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)32 Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201232 Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.” Féach an chaibidil |