Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé slua mór; agus ghlac sé trua dóibh, agus leigheas sé a raibh breoite acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus ag dul amach dó-san, chonnaic sé sluagh mór, agus ghlac sé truaighe dóibh, agus leigheas sé a n-easláin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus tháinig sé amach, agus do chonnaic sé sluagh mór, agus do ghabh truagh mhór dóibh é, agus do leigheas sé iad‐san do bhí breoite.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus ar ndul a mach Diosa, do chonnairc sé coimhthionól mór, agus do gabh trúaighe mhór dhóibh é, agus do shlánaigh sé na dáoine easlána.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:14
13 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.”


Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.


Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.


Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.


agus bíonn sé á chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.”


Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,


Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”


Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.


Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.


Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí