Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Anois nuair a chuala Íosa sin, chuaigh sé as sin i mbád i leataobh in áit uaigneach gan áitreabh. Ach nuair a chuala na sluaite é, lean siad é as na cathracha de shiúl cos.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus nuair a chuala Íosa é, d’imthigh sé as sin i mbád go h-áit uaignigh ar leith; agus nuair a chuala na sluaighte sin, lean siad é de shuibhal cos amach as na cathracha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair do‐chuala Íosa é, d’imthigh sé i mbád ó’n áit sin, isteach i n‐áit fhásamhail uaignigh: agus nuair do‐chuala na sluaighte sin, do leanadar d’á gcois é ó na cathrachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus an tan do chúlaidh Iósa so, do chúaidh sé as sin a luing a nionad fhásamhail air leith: agus an tan do chúalaidh an pubal sin, do leanadar dá gcois é ó na caithreachaibh

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na catharachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha dá leanúint dá gcois.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:13
10 Tagairtí Cros  

Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.


Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,


Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa.


D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.


Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n‑imeodh sé uathu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí