Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Agus tháinig a dheisceabailsean gur thug leo an corp gur chuir san uaigh é; agus chuaigh siad gur inis dʼÍosa é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus tháinic a dheisciobail, agus thóg leo an corp, agus d’adhlaic siad é, agus tháinic siad gur innis do Íosa é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus tháinig a dheisceabail, agus rugadar leo an corp, agus d’adhlacadar é; agus d’imthigheadar agus d’inniseadar d’Íosa é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus tangadar a dheisciobáil an tansin, agus rugadar chorp léo, agus do adhlacadar é, agus tangadar agus do mniseadar sin Díosa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d’adhlacadar é; agus thánadar agus d’innseadar é d’Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin dá insint dʼÍosa.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:12
5 Tagairtí Cros  

Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.


Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois.


Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.


Agus d'ardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí