Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 agus iompraíodh a cheann isteach ar thrinsiúr agus tugadh don chailín é, agus thug sise go dtí a máthair é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus tugadh a cheann ar méis, agus tugadh do’n chailín é, agus thug sise dá máthair é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus tugadh a cheann isteach ar mhéis, agus tugadh do’n chailín é: agus thug sise d’á máthair é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus tugadh a cheann air mheis, agus tugadh do chailín é: agus tug sisi dá mathair é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n chailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:11
12 Tagairtí Cros  

Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.


Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?


Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.


Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”


dá bhrí sin, dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat.


agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.


Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa.


Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”


Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”


Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí