Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 agus chuir sé teachtaire uaidh go ndearnadh Eoin a dhícheannadh sa phriosún,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus chuir sé duine uaidh, agus bhain sé an ceann de Eoin san phríosún.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 agus do chuir sé daoine uaidh, agus do bhain sé an ceann d’Eoin sa bpríosún.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus ar gcur fhir dícheanta úadh, do bhean sé a cheann Déoin ann sa phríosún.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus chur sé daoine uaidh agus bhain sé an ceann d’Eóin sa phríosún.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:10
12 Tagairtí Cros  

Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.


Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.


Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.


Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d'ordaigh sé an aisce a thabhairt di,


Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”


Ach deirim libh: tá Éilias tagtha, agus d'imir siad a dtoil air de réir mar atá scríofa mar gheall air.”


Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air.


Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí