Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d'ordaigh sé an aisce a thabhairt di,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Chuir sin brón ar an rí; ach as siocair a mhionnaí agus na cuideachta a bhí aige thug sé ordú uaidh a thabhairt di;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus tháinic aithreachas ar an rígh; acht mar gheall ar a mhionna, agus ar an mhuinntir a bhí ag caitheamh bídh leis, d’órduigh sé é a thabhairt dí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus do ghabh doilgheas an rí; acht mar gheall ar na mionnaibh, agus mar gheall ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe ’n‐a chuibhreann, d’órduigh sé a thabhairt dí;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do ghabh doilgheas an rí: achd ar son a mhionna, agus ná muinntire do bhí na suidhe ná chuibhreann, do áithin sé a thabhairt di.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é tabhairt di.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, dʼordaigh sé an aisce a thabhairt di,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:9
27 Tagairtí Cros  

Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.


Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n‑íobairtí!


San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa,


agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.


Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.


Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”


Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”


óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.


Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi,


Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam.


Agus i gceann dhá mhí, tháinig sí ar ais chun a hathar agus rinne seisean léi de réir na móide a bhí tugtha aige. Níor chuir sí aithne riamh ar fhear. Rinne nós de in Iosrael


Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: “Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.”


Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: “Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.” Níor bhlais aon duine den phobal greim.


Ansin labhair duine den phobal: “Chuir d'athair,” ar sé, “an pobal go docht faoi bhrí mionna á rá go mbeadh mallacht ar an té a d'íosfadh greim inniu” (agus bhí lagaíocht ar an bpobal).


Go ndéana Dia seo agus siúd agus a thuilleadh fós le Dáiví má fhágaim oiread agus fear dá mbaineann leis beo faoi mhaidin!”


Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí