Matha 19:16 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd duine ag teacht aníos chuige, á rá, “A Oide mhaith, cad é an dea-ghníomh a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a bheith agam?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, tháinic duine chuige, agus dubhairt leis: A mháighistir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfas mé chun go raibh beatha shíorraidhe agam? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, tháinig duine chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir, créad é an gníomh maith do‐ghéanadsa, chum go saothróchad an bheatha shíorraidhe? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, tháinig; duine chuige agus dubhairt sé: A Mhaighístir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfad ionus go mbeadh agam beatha shíoruidhe? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeidh an bheatha shíoraí agam?” |
Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”
Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.
Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”
Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.
An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,
D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,
Ansin sheol sé amach iad agus d'fhiafraigh díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?”
An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
ionas, mar a tháinig an peaca i réim tríd an mbás, go dtiocfadh an grásta i réim tríd an bhfíréantacht chun na beatha síoraí trí Íosa Críost ár dTiarna.
agus is é fáth a ndearnadh trócaire ormsa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i m'eiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí.
Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe.
agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre.
le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire
chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n‑oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.
foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne.
Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.
agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.