Matha 16:25 - An Bíobla Naofa 1981 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar an té ar mhian leis a bheo a shábháil, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liom gheobhaidh sé é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cibé ar mian leis a anam a shábháil, caillfidh sé é: agus an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir, cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, saorfaidh sé é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é. |
An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.
Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.
An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.