Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
Matha 16:11 - An Bíobla Naofa 1981 Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cad chuige daoibh bheith chomh dall sin nach dtuigeann sibh nach ar arán a bhí mé ag caint. Seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cad chuige nach dtuigeann sibh nár i dtaoibh aráin a dubhairt mé libh: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cad chuige nach dtuigeann sibh nach d’arán do bhíos ag tagairt. Acht seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cionnas nach ttuigthí nach a dtimcheall aráin a dubhairt mé ribh, bhur naire do thabhairt dháoibh ar laibhin na Bhphairisíneach, agus na Saduichineach? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” |
Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.
Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?
Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”
Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.
A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh?
Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.