Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, dʼiarr siad air comhar­tha ó neamh a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tháinic na Fairisínigh agus na Sadducaigh chuige a chur féachála air: agus d’iarr siad air cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tháinig na Fairisínigh agus na Saddúicínigh, agus, chum triail do bhaint as, d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ag teachd do na Pharisineachaibh agus do na Sadduichíneachuibh, a cur cathuighthe air do iárradar air comhartha do thaisbéanadh ó neamh dhóibh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus dʼiarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil



Matha 16:1
33 Tagairtí Cros  

Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.


Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.


Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt:


Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”


Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?”


D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,


Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”


Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna - dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann - agus chuir siad ceist air:


“Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois,


Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit


Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.


Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”


Tháinig Fairisínigh chuige agus d'fhiafraigh siad de, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?”


Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.”


Ansin tháinig chuige Sadúcaigh - iad seo a shéanann an t‑aiséirí a bheith ann - agus chuir siad ceist air:


D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”


Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.


Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo:


Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh - iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann -


Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.


Fad a bhí siad ag caint leis an slua, tháinig na sagairt agus ceannfort an Teampaill agus na Sadúcaigh suas chucu


Ansin chuir an t‑ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d'aicme na Sadúcach.


Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”