Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.
Matha 14:11 - An Bíobla Naofa 1981 Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus iompraíodh a cheann isteach ar thrinsiúr agus tugadh don chailín é, agus thug sise go dtí a máthair é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tugadh a cheann ar méis, agus tugadh do’n chailín é, agus thug sise dá máthair é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tugadh a cheann isteach ar mhéis, agus tugadh do’n chailín é: agus thug sise d’á máthair é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tugadh a cheann air mheis, agus tugadh do chailín é: agus tug sisi dá mathair é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n chailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. |
Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.
Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?
Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.
Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”
dá bhrí sin, dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat.
Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa.
Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”
Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”
Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.