Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eizicéil 35 - An Bíobla Naofa 1981


In Éadan Eadóm

1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shliabh Shaeír agus tairngir ina éadan.

3 Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú.

4 Bánóidh mé do chathracha agus fágfar folamh thú; tuigfidh tú gur mise an Tiarna.

5 De bhrí gur chothaigh tú ionat féin de shíor an fhearg agus gur thug tú suas clann Iosrael don chlaíomh le linn a mí-áidh, le linn a bpíonóis deiridh;

6 dá bhrí sin, dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat.

7 Fagfaidh mé Sliabh Shaeír ina fhásach léirscriosta agus fágfaidh mé gan taistealaí ann ná as.

8 Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d'uile chumar.

9 Fágfaidh mé thú i d'fhásach buan agus ní fhillfear ar do chathracha cónaithe. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.

10 “De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.”

11 Dá bhrí sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - roinnfidh mé leat de réir d'fheirge agus na haingíochta céanna a bhain le do fhuath féin ina n‑aghaidh. Cuirfidh mé mé féin in aithne dóibh nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ortsa.

12 Agus beidh fhios agat gur chuala mise, an Tiarna, an uile mhasla dar thug tú in aghaidh shléibhte Iosrael, a leithéid seo: ‘Bánaíodh iad, fágtar againne iad lena gcreachadh.’

13 Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!

14 Seo mar a deir an Tiarna Dia: Bánóidh mé thú, rud a chuirfidh áthas croí ar an tír uile.

15 De bhrí gur bhain tú aoibhneas as nuair a bánaíodh oidhreacht mhuintir Iosrael, déanfaidh mé amhlaidh leatsa, a Shliabh Shaeír: bánófar thú agus Eadóm uile mar an gcéanna. Tuigfidh na daoine gur mise an Tiarna.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí