Matha 13:35 - An Bíobla Naofa 1981 agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tharla sin mar thuar ar an tairngreacht: “Osclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta, nochtfaidh mé ar folaíodh ó bhunú an domhain.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd an fháidh, a dubhairt: Fosclóchaidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta; nochtfaidh mé neithe atá foluighthe ó thús an tsaoghail. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tríd an bhfáidh, g‐á rádh, Fosclóchad mo bhéal i samhlaoidibh; Nochtfad neithe atá i bhfolach ó cruthuigheadh an domhan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh leis an bhfáidh, a deir, Oisgéoluidh mé mo bhéul tré chosamhlachdaibh; nochdfuidh me neither a tá foluighthe ó thosach an domhain. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus sin mar a comh-líonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.” |
Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.
Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.
Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.
Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.
Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse.
A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.
Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne.
Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe.
agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann,
Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe;
Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.
“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.