Matha 10:12 - An Bíobla Naofa 1981 Beannaígí romhaibh isteach ansin, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Beannaigí don teach ag dul isteach ann daoibh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ag dul isteach i dtigh díbh, beannuighigidh dó, ag rádh: Go raibh síothcháin ag an tigh seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag dul isteach sa tigh dhaoibh, beannuighidh dhó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndul a sdeach do tigh dháoibh, beannuighidh dhó. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do’n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do’n tigh seo. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Beannaígí romhaibh isteach ansin, |
Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.
“Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.
agus más fiú an teach é tagadh bhur síocháin anuas air; mura fiú, filleadh bhur síocháin oraibh.
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost - an té atá ina Thiarna ar chách uile.
Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.
Agus labhraigí mar leanas [le mo dheartháir]: ‘Síocháin duit agus síocháin do do theaghlach, agus síocháin do gach a mbaineann leat!