Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.
Lúcás 9:7 - An Bíobla Naofa 1981 Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuala Iorua an teitrearch faoina ndearnadh, agus bhí buaireamh air, ó bhí cuid á rá gur tógadh Eoin ar aiséirí ó na mairbh, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht chuala Ioruadh, an teatrarc, fá na neithe uilig a bhí dá ndéanamh aige, agus bhí amhras air de bhrígh go n-abradh Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐chuala Ioruath an tetracha i dtaobh gach nidh do bhí d’á dhéanamh: agus do bhí mearbhall mór air, mar do bhí dream g‐á rádh gurbh é Eoin d’éirigh ó na marbhaibh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chúaluidh Ióruáith an Tetrarca gach uile ní dá ndeamuidh seision: agus do bhí sé a namharus, do brigh go ndubhradar dáoine áirighe, gur éirigh Eóin ó mharbhuidh; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige ’á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh; |
Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.
Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.
Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin,
Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”
Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.”
“Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;
agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaród dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin.
Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,
Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.”