Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 22:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Oír is lá buáidheartha é, agus saltartha sios, agus lá doghrainne le Tighearna Día na slógh, a ngleann na fise, ag briseadh an bhalladh síos, agus ag comhairc chum na slíabh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 22:5
22 Tagairtí Cros  

Dúirt siad leis: “Mar seo a deir Hiziciá: ‘Lá anró an lá seo, lá pionóis agus aithise. Tá leanaí i mbéal a mbreithe, ach níl sé de neart ag a máithreacha iad a thabhairt ar an saol.


Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí a bhí thart ar Iarúsailéim.


In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.


Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom. Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad ar bharr na dtithe,


óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;


Dúirt siad leis: “Seo teachtaireacht ó Hiziciá: Lá anbhuaine is ea é seo, lá aithise agus náire. Tá na leanaí i mbéal a mbreithe agus níl an neart ann lena saolú.


Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.


- Phasáil mé an chantaoir i m'aonar; duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom. Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm, agus shiúil mé orthu i gcuthach dom; steall súlach a gcroí ar mo chulaith agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.


Bhasc mé na ciníocha le cuthach, shatail mé orthu le teann feirge, agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.


Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.


Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.


Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach áitribh uile Iacóib; chreach sé go fíochmhar feargach dúnta iníon Iúdá; leag sé ar lár agus thruailligh sé an ríocht agus a flatha.


Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh de bhalla iníon Shíón; shín sé an dorú tomhais leis agus níor stad sé go raibh sé scriosta; chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.


Tá do shealsa buailte leat, a áitritheoir na tíre seo; tá an uair tagtha, an lá ar láimh, lá clampair agus ní lá gairdis ar na sléibhte.


Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”


Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.


Lá díbheirge an lá sin, lá buartha agus angair, lá léirscriosta agus millte, lá dorchadais agus doiléire, lá scamall agus dúnéalta,


ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte;


Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaigí sinn!’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí