Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 22:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead, agus Arám ag dul sa diallait; tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus diomchair Elam an bolgán soighiod a ccarbad duine agus marcshlúagh, agus do nochd Cir an sgiath.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 22:6
9 Tagairtí Cros  

Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám.


Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis.


Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.


Fáistine i dtaobh Mhóáb. An oíche a ndearnadh creach ar Ár, fágadh Móáb ina thost; an oíche ar creachadh Cír, fágadh Móáb ina thost.


- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”


An chuid is áille de do ghleannta, tá siad breac le carbaid; tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.


brisfidh mé barraí gheata na Damaisce agus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivin agus rialtóir Bhéit Eidin; agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír, a deir an Tiarna.


“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí