Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!”
Lúcás 9:45 - An Bíobla Naofa 1981 Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach níor thuig siad an rá sin, agus bhí sé ceilte orthu, ionas nach dtabharfaidís faoi deara é; agus níor lig an eagla dóibh fiafraí de i dtaobh an rá sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht níor thuig siad-san an chainnt sin, agus bhí sí ceilte ortha, ionnas nár airigh siad í, agus bhí eagla ortha é cheistiughadh fá’n chainnt sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht níor thuigeadar brigh na cainnte sin, agus do bhí sí fá cheilt ortha, ionnas nach n‐aireochaidís í: agus do b’eagal leo ceist do chur air i dtaobh na cainnte sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd níor thuigeadarsan an comhrádhsa, agus do bhí sé ar na fholach úatha, ionnas nar airigheadar é: agus do bhí eagla orrtha ceisd do chur airsion a dtimcheall an chomhráidh sin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus níor thuigeadar brígh na cainte sin, agus bhí an brígh i bhfolach uatha, ionus ná mothóchaidís é; agus níor leis eagla dhóibh é cheistiú i dtaobh na cainte sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin. |
Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!”
Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine,
Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh.
Ach níor thuig siad aon chuid den mhéad sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá.
Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis.
D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”
Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”
Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?”