Eoin 12:16 - An Bíobla Naofa 198116 Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 Nior thuig a dheisceabail sin i dtús ama; ach nuair a tugadh Íosa chun a ghlóire, ba ansin a chuimhnigh siad go raibh sin scríofa faoi agus go ndearnadh sin air. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 Níor thuig a dheisciobail na neithe sin ar dtús: acht nuair a chuaidh Íosa isteach ina ghlóir, chuimhingh siad annsin go raibh na neithe sin scríobhtha fá dtaoibh de, agus go ndearna siad na neithe sin leis. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Níor thuig a dheisceabail na neithe sin ar dtús: acht nuair do bhí Íosa glóirighthe, annsin do chuimhnigheadar ar a raibh scríobhtha ’n‐a thaobh, agus go ndearnadar na neithe sin dó. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Achd níor thuigeadar a dheisciobail na neither so ar tús: gidheadh an tan do ghlórughadh Iósa, ann sin do chuimhnigheadar go rabhadar na neithesi sgriobhtha air, agus go ndéarnadar na neithe so dhó. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Níor thuig a dheisgiobuil na neithe sin ar dtúis; ach nuair a tugadh glóire d’Íosa do chuimhnigheadar ar na neithibh sin a bheith sgríobhtha ’n-a thaobh, agus gur dheineadar na neithe sin leis. Féach an chaibidil |