Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”
Lúcás 8:41 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, á achainí air teacht chun a thí; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tháinig fear a raibh Iárus mar ainm air, a bhí ina rialtóir sionagóige; agus thit sé ag cosa Íosa ag cur impí air teacht chun a thí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, tháinic fear, darbh ainm Iairus, agus b’é uachtarán na sineagóige é, agus thuit sé ag cosa Íosa, ag iarraidh air teacht isteach chun a tighe, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, tháinig fear darbh ainm Iárus, duine d’uachtaránaibh na sionagóige, agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa, agus d’iarr sé d’impidhe air teacht chum a thighe; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, táinic neach áirighe dar bhainm Iáirus, do bhí na úachdarán ar a tsinagóig: agus an tan do shléuchd sé ag cosaibh Iósa, diárr sé dathchuinghidh air dul leis dá thigh féin: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, tháinig chuige fear dár bh’ ainim Iaírus, agus dob’ é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa ’gha iarraidh air dul chun a thighe, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, dá achainí air teacht chun a thí; |
Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”
agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.
Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”
óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air.
Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.”
Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.
Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu á rá: “Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.”
Ach rug siadsan go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an tsuí bhreithimh amach. Ach bhí Gaillión beag beann ar na nithe sin.
Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.
Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.