Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 8:30 - An Bíobla Naofa 1981

D'fhiafraigh Íosa de: “Cad é an t‑ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún” - óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Dʼfhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus dʼfhreagair sé “Léigiún”; mar bʼiomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus cheistigh Íosa é, ag rádh: Cad is ainm duit? Agus dubhairt seisean: Léigiún, óir chuaidh mórán deamhan isteach ann.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’fhiafruigh Íosa dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean, Léigiún; óir do bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dʼfhiafraigh Íosa de: “Cad é an t-ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún”–óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.

Féach an chaibidil



Lúcás 8:30
7 Tagairtí Cros  

Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar m'Athair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal?


Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”


Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.


Agus d'fhiafraigh de: “Cad is ainm duit?” Dúirt sé leis: “Léigiún is ainm dom, óir tá mórán againn ann.”


chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -


Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh.