Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Lúcás 8:2 - An Bíobla Naofa 1981 chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dornán ban a leigheasadh ó dhrochdheamhain agus ó aicídí: Muire, ar tugadh Maghdaléanach uirthi, ar dibríodh seacht ndeamhan aisti, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus mná áirithe a leigheasadh ó ainspioraid agus ó ghalair: Máire, dá ngoirtear Magdailéin, as a ndeachaidh seacht ndeamhain amach, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus an dáréag i n‐éinfheacht leis, agus roinnt ban do leigheasadh ó ainspioraidibh agus ó aicídibh, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imthigh seacht ndeamhain amach, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mná áirighe, do leigheasadh ó dhroichspioraduibh agus ó easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a ndeachadar seachd ndeamhain, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh; na seacht ndeamhain aisti, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach–a raibh seacht ndeamhan imithe aisti– |
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh.
Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.
Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.
Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin.
Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp.
D'fhiafraigh Íosa de: “Cad é an t‑ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún” - óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.
Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
Lean siadsan go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre.