Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.
Lúcás 7:47 - An Bíobla Naofa 1981 Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dá bhrí sin tá mise á insint duit, go bhfuil a cuid peacaí dá liacht iad maite di ar liacht a grá; ach an té a maitear an beagán dó, ní bhíonn aige ach beagán grá.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, deirim leat: Tá mórán peacaidhe maithte dí, de bhrígh gur ghrádhuigh sí go mór; acht an té dá maithtear an beagán, is lugha a ghrádh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin a deirim riot, Go bhfuilid a hiomad peacaidh, ar na maitheamh dhi; air sin as mór a grádheas sí. Achd gidh bé dá maithtear beagan as beag grádhuigheas sé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin adeirim leat: Táid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é, ámhthach, d’á maithtear an beagán is beagán a ghrádh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí–a mór-chuid peacaí–maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.” |
Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.
Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.
“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;
An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”
D'ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d'Iosrael.
Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta,
Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a d'aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis.
Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.
Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana,
Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa.
Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.
A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne.