Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
Lúcás 6:45 - An Bíobla Naofa 1981 Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tugann an dea-dhuine an dea-rud amach ón dea-stór atá aige ina chroí istigh, agus tugann an drochdhuine an drochrud amach ón olc atá ann istigh; mar labhraíonn a bhéal ar an ní a líonas a chroí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tairgeann an déag-dhuine an mhaith as déagh-stór a chroidhe, agus tairgeann an droch-dhuine an t-olc as a dhroch-stór. Óir labhrann an béal an rud a mbíonn an croidhe lán de. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do‐bheir an deagh‐dhuine an deagh‐nidh amach as deagh‐stór a chroidhe; agus do‐bheir an droch‐dhuine an droch‐nidh amach as droch‐stór a chroidhe: óir as líonmhaireacht an chroidhe is eadh labhras a bhéal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an droch-rud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal. |
Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal; déantar a dtreascairt is a leagan ar lár, a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!
Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraí ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.
Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
An té a chreideann ionamsa, faoi mar a deir an scrioptúr, rithfidh as a chroí istigh sruthanna d'uisce beo.”
Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.
ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh,
Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.
Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n‑aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.