Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
Lúcás 6:15 - An Bíobla Naofa 1981 Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Síomón an díograiseoir, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alpheuis, agus Síomon, dá ngoirtear Dúthrachtaidhe, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaéuis, agus Síomón ar a dtugtar Sélótés, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Matha agus Tomás, Séumas mac Alphei, agus Simon da ngoirthear Selótes. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach, |
Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón an Cananáiach,
Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: “Lean mise.”
Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán,
Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”
Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa.
Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais.
Agus nuair a bhí deireadh ráite acu d'fhreagair Séamas agus dúirt: “A bhráithre, éistigí liomsa.
ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.
Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.
Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh.