Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 11:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Arsa Tomás, ar tugadh an leathdhuine cúpla air, lena chomhdheisceabail, “Téimisne freisin, le bás a fháil ina chuideachta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Ar an adhbhar sin, dubhairt Tomás, dá ngoirtear Didimus, le n-a chóimhdheisciobail: Téighimís-ne fosta, go bhfaghamuid bhás i n-aoinfheacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus adubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n‐a chómh‐dheisceablaibh, Téighmís‐ne mar an gcéadna, go bhfaighmís bás i n‐éinfheacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ansan dubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a chómh-dheisgiobuil: Téighmís-ne mar an gcéadna, ionus go bhfaighmís bás i n-aonfheacht leis.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 11:16
12 Tagairtí Cros  

Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias,


Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.


Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón an Cananáiach,


Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.”


Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach,


agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”


Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”


Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.”


Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”


Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail.


Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí