Lúcás 5:33 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt siad leis, “Bíonn deisceabail Eoin go minic ag troscadh agus ag déanamh urnaí, agus mar an gcéanna do dheisceabail na bhFairiséach, ach bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt siad leis: Cad chuige a ndéan deisciobail Eoin troscadh agus urnaighthe go minic, agus cuid na bhFairisíneach mar an gcéadhna, acht go mbíonn do chuid-se ag ithe agus ag ól? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhradar‐san leis, Do‐ghní deisceabail Eoin troscadh go minic, agus do‐ghníd urnaighe; do‐ghní deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéadna; acht bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhphairisíneach; achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agat-sa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.” |
Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.
Agus nuair a d'itheadh agus a d'óladh sibh nach ar bhur son féin a dhéanadh sibh ithe agus ól?
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”
Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”
Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’
Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.
an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”
Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo?
D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.
“Éirigh,” arsa an Tiarna leis, “agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann...