Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus adubhradar‐san leis, Do‐ghní deisceabail Eoin troscadh go minic, agus do‐ghníd urnaighe; do‐ghní deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéadna; acht bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus dúirt siad leis, “Bíonn deisceabail Eoin go minic ag troscadh agus ag déanamh urnaí, agus mar an gcéanna do dheisceabail na bhFairiséach, ach bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus dubhairt siad leis: Cad chuige a ndéan deisciobail Eoin troscadh agus urnaighthe go minic, agus cuid na bhFairisíneach mar an gcéadhna, acht go mbíonn do chuid-se ag ithe agus ag ól?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Achd a dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhphairisíneach; achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agat-sa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:33
20 Tagairtí Cros  

Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.


iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; do‐gheobhaid‐sean an breitheamhnas is truime.


Agus tharla, agus é ag déanamh urnaighe i n‐áit áirithe, go ndubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, nuair do stad sé, A Thighearna, múin dúinne urnaighe do dhéanamh, fá mar mhúin Eoin d’á dheisceablaibh féin.


Do‐ghním troscadh dhá uair sa tseachtmhain, íocaim an deachmhadh ar gach a bhfaghaim.


agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh.


iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; is iad gheobhas an daoir‐bhreith is truime.


Ní chum fíréin do ghlaodhach chum aithrighe thánag‐sa, acht chum peacaigh do ghlaodhach.


Agus adubhairt Íosa leo, An féidir libh a chur d’fhiachaibh ar lucht cóisire an fhir nua‐phósta troscadh do dhéanamh agus an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair?


Arís, lá ar n‐a bhárach, do bhí Eoin ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht le beirt d’á dheisceablaibh:


Uime sin d’éirigh conspóid idir dheisceabail Eoin agus Iúdach éigin i dtaobh glantóireachta.


Agus adubhairt an Tighearna leis, Éirigh, agus imthigh go dtí an tsráid ar a dtugtar Díreach, agus loirg, i dtigh Iúdáis, fear dar ab ainm Saul, ó Thársus; óir atá sé ag urnaighe;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí