Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus adubhairt Íosa leo, An féidir libh a chur d’fhiachaibh ar lucht cóisire an fhir nua‐phósta troscadh do dhéanamh agus an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le duine tabhairt ar lucht na bainise troscadh chomh fada agus atá an fear nuaphósta ina gcuideachta?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Agus dubhairt seisean leo: An dtig libh tabhairt ar chloinn an fhir nuaphósta troscadh a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an chéile ’n-a bhfochair?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta a bheith leo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:34
18 Tagairtí Cros  

g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe do‐rinne bainis d’á mhac,


Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.


Agus adubhradar‐san leis, Do‐ghní deisceabail Eoin troscadh go minic, agus do‐ghníd urnaighe; do‐ghní deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéadna; acht bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól.


Acht tiocfaidh na laethe; agus nuair béarfar uatha an fear nua‐phósta annsin déanfaid troscadh ins na laethibh sin.


An té ag a bhfuil an bhainchéile is é an fear nua‐phósta é: acht cara an fhir nua‐phósta atá ’n‐a sheasamh ag éisteacht leis, bíonn an‐áthas air mar gheall ar ghuth an fhir nua‐phósta: d’á bhrigh sin, an t‐áthas atá orm‐sa atá sé iomlán.


Óir atáim éadmhar libh le h‐éad diadha: óir thugas le pósadh sibh d’fhear amháin, chum sibh do thabhairt mar mhaighdin gan smál do Chríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí