Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an chéile ’n-a bhfochair?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le duine tabhairt ar lucht na bainise troscadh chomh fada agus atá an fear nuaphósta ina gcuideachta?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Agus dubhairt seisean leo: An dtig libh tabhairt ar chloinn an fhir nuaphósta troscadh a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus adubhairt Íosa leo, An féidir libh a chur d’fhiachaibh ar lucht cóisire an fhir nua‐phósta troscadh do dhéanamh agus an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta a bheith leo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:34
18 Tagairtí Cros  

Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n-a rí, agus do dhein bainis d’á mhac.


Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.


Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól?


Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin.


An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’a bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí