Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Acht tiocfaidh na laethe; agus nuair béarfar uatha an fear nua‐phósta annsin déanfaid troscadh ins na laethibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Ach tiocfaidh na laethanta a dtógfar an fear nuaphósta uathu, agus is ansin, sna laethanta úd, a dhéanfas siad troscadh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Acht tiocfaidh na laethe nuair a thógfar an fear nuaphósta ar shiubhal uatha, annsin dhéanfaidh siad troscadh ins na laethe sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Achd tiocfaid na láethe an tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad trosgadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh siad troscadh sna laethanta sin.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:35
23 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.


Acht tiocfaidh na laethe ’n‐a mbéarfar uatha an fear nua‐phósta; déanfaid troscadh an lá sin.


Agus adubhairt sé leis na deisceablaibh, Tiocfaidh na laethe ’n‐a mbéidh sibh ag tnút le lá amháin de laethibh Mhic an Duine o’fheicsin, agus ní fheicfidh sibh é.


Agus adubhairt Íosa leo, An féidir libh a chur d’fhiachaibh ar lucht cóisire an fhir nua‐phósta troscadh do dhéanamh agus an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair?


Agus adubhairt sé leo tré shamhlaoid: Ní stiallann aoinneach preabán de bhrat nua chum sean‐bhrat do dheishiú; óir stiallfaidh sé an t‐éadach nua, agus ní oirfidh an preabán do baineadh ó’n éadach nua do’n tsean‐éadach.


Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhím‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe.


A chlann dílis, atáim ’n‐bhúr bhfochair tamall beag go fóill. Béidh sibh ’gam’ lorg, acht, mar adubhairt mé leis na h‐Iúdachaibh, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadann sibh‐sé teacht ann; deirim libh‐se anois é.


Tháinig mé amach ó’n Athair, agus tháinig mé ar an saoghal: atáim ag fágáil an tsaoghail arís, agus atáim ag dul chum an Athar.


Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do tógadh suas é, agus iad ag amharc; agus do cheil scamall ar a radharc é.


Agus tar éis seanóirí do thoghadh dhóibh ins gach eaglais, agus urnaighe agus troscadh do dhéanamh, d’fhágadar iad fá choimirce an Tighearna, go raibh a gcreideamh ann.


an té gur dual do na flaitheasaibh a ghlacadh go dtí na trátha ’n‐a n‐aiseagfar gach éinnidh, mar do labhair Dia ’n‐a thaobh tré bhéal a fháidh naomhtha do bhí ann ó thosach an tsaoghail.


Ná h‐eitighidh a chéile, munab de thoil a chéile é ar feadh tamaill, chum go gcromfaidh sibh ar urnaighe, agus annsin tagaidh le chéile arís, ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh mar gheall ar neamh‐gheamnaidheacht.


i saothar agus i gcruadhtan, i bhfaireachán go minic, i dtroscadh go minic, fá ocras agus fá lomnochtaighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí