Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 3:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Dʼéirigh conspóid ansin idir deisceabail Eoin agus Giúdach i dtaobh an ghlanta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus d’éirigh ceist eadar deisciobail le h-Eoin agus Iúdaigh fá nigheachán.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Uime sin d’éirigh conspóid idir dheisceabail Eoin agus Iúdach éigin i dtaobh glantóireachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Uime sin do éirigh ceisd eidir cuid do dheisciobluibh Eóin agus na Iúdaidhe a dtimcheall an ghlanta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus d’eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 3:25
9 Tagairtí Cros  

Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.


“Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.”


Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann.


ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe.


Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.


Dá bhrí sin, má ba ghá macasamhla na nithe neamhaí a ghlanadh le híobairtí den sort seo tá gá le híobairtí atá níos fearr fós chun na nithe neamhaí féin a ghlanadh.


An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí