Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.”
Lúcás 4:24 - An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Is fíor an ní é a deirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina thír dhúchais féin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé: Amén adeirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina dhúthaigh féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Ní glactar le fáidh ar bith ’n‐a dhúthaigh féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, Nách bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n’fháidh ’n-a dhúthaigh féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. |
Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.”
Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin.
Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.