Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc; déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch.
Lúcás 3:5 - An Bíobla Naofa 1981 Líonfar gach cumar, agus ísleofar gach sliabh agus cnocán; déanfar na camshlite díreach agus na bóithre anacra réidh, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níl gleann nach líonfar, ná cnoc ná sliabh nach n‑ísleofar, ná cam nach ndíreofar, ná garbhshlí nach míneofar; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Líonfar gach gleann, agus ísleochar gach sliabh agus cnoc; agus béidh an cam díreach, agus an garbh ina bhealach réidh, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Líonfar gach gleann, Agus ísleochar gach sliabh agus cnoc; Agus díreochar an cam, Agus déanfar na slighthe garbha réidh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile sliabh agus chnoc; agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garba mín; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Líonfar gach gleann, agus ísleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach cam ’n-a dhíreach agus gach garbh ’n-a slígh réidh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Líonfar gach cumar, agus ísleofar gach sliabh agus cnocán; déanfar na camshlite díreach agus na bóithre anacra réidh, |
Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc; déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch.
Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”
“Siúlfaidh mise romhat mé féin chun na cnapáin a dhéanamh cothrom. Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis, gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.
Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.
Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”