Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 40:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc; déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Airdeochthar gach uile ghleann, agus ísleochthar gach slíabh agus gach cnoc: agus do dhéantar an cam díreach, agus na háite garbha mín:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 40:4
18 Tagairtí Cros  

Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.


Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.


Ansin foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht. Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”


Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!


“Siúlfaidh mise romhat mé féin chun na cnapáin a dhéanamh cothrom. Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis, gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.


Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.


Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!


Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”


Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.


Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”


Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”


Líonfar gach cumar, agus ísleofar gach sliabh agus cnocán; déanfar na camshlite díreach agus na bóithre anacra réidh,


Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí