Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
Lúcás 3:4 - An Bíobla Naofa 1981 mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bhí sin mar atá scríofa i leabhar bhriathra Ísáia fáidh, “Glór an té a scairteas san fhásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, déanaigí a chosáin díreach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Mar atá scríobhtha i leabhar na bhfocal a dubhairt Isaias, fáidh: Guth duine ag glaodhach san fhásach: Ullmhuighigidh slighe an Tighearna: déanaigidh díreach a chasáin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) mar atá scríobhtha i leabhar Ésáiais fáidh, Guth an té ag glaodhach sa bhfásach, Réidhtighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar atá sgríobhtha i leabhar na bhfocal adubhairt Isáias fáidh: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d’ollamhú: Deinidh na bóithre do dhíriú dhó; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin. |
Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!
Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”
Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’ ”
Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”
Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd.