Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 3:21 - An Bíobla Naofa 1981

Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Anois, san am ar baisteadh na daoine uile, agus nuair a bhí Íosa é féin dʼéis a bhaistidh agus é ar an urnaí, osclaíodh flaitheas neimhe,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus thárla, nuair a bhí na daoine uilig dá mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh neamh,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tharla, nuair do bhí na daoine go léir baistthe, agus bhí Íosa baistthe, agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh na flaithis,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tárla, an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur bosgladh neamh,

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh’á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis,

Féach an chaibidil



Lúcás 3:21
11 Tagairtí Cros  

Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d'oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia.


Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar.


Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí.


Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”


Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”


ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd a tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.”