Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d'oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois tháinig a ccrích annsa tríochadmhadh blíadhain, annsa cheathramhadh mí, an cúigeadh lá don mhí, mar do bhí misi a measg na mbrághad láimh ré habhuinn Chebar, gur hosgladh na neamha, agus go bhfaca me fis Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 1:1
39 Tagairtí Cros  

Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”


Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé.


Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.


agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile.


Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.


An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:


B'fhéidir go n‑abróidh sibh: ‘Thóg an Tiarna fáithe suas dúinn sa Bhablóin’,


tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.


D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.


Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha.


D'éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár.


Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad.


Agus ba é cosúlacht a n‑aghaidheanna na haghaidheanna céanna a bhfaca mé a gcosúlacht ag an abhainn Ceabár. Chuaigh gach ceann acu caol díreach ar aghaidh.


Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d'imigh sí ar shiúl uaim ansin,


Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. D'fhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe.


D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.


I bhfís ó Dhia thug sé leis mé go tír Iosrael agus leag síos mé ar shliabh an-ard a raibh mar a bheadh cathair ó dheas uaidh.


Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.


Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.


Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte, ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothanna faoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.


Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling.


áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.


Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”


An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.


Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air.


Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis,


Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí,


Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”


chonaic sé an spéir ar oscailt agus rud éigin mar a bheadh braillín mór ag teacht anuas: é crochta as na ceithre cúinní agus é á ligean anuas chun talaimh.


Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”


“Féach,” ar seisean, “feicim na flaithis ar oscailt agus Mac an Duine ina sheasamh ar dheis Dé.”


Sea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna.


Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.


Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí