Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”
Lúcás 3:10 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh na sluaite de, “Má tá sin amhlaidh, cad é atá orainn a dhéanamh?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhiafruigh na sluaighte de, ag rádh: Cad é mar sin atá le déanamh againn? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigh an sluagh uile dhe, g‐á rádh, Má’s eadh, créad atá le déanamh againn? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad ’tá le déanamh againn má ’seadh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” |
Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”
D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.
Ansin sheol sé amach iad agus d'fhiafraigh díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?”
Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”
Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.”