Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?
Lúcás 20:13 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; b'fhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a labhair an té ar leis an fíonghort, ‘Cad é a dhéanfas mé?’ ar seisean, ‘Is é a dhéanfas mé, an mac is ansa liom a chur chucu; agus bʼfhéidir go mbeidh urraim acu dósan.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad é dhéanfas mé? Cuirfidh mé mo mhac múirneach; b’fhéidir, nuair atchífeas siad eisean, go dtabharfaidh siad urraim dó. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt tighearna an fhíonghuirt, Créad do‐ghéanad? Cuirfead mo mac ionmhain: b’fhéidir go dtiubhraid urraim dó‐san. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt tighearna na fíneamhna, Cred do dhéana mé? cuirfidh mé mó mhac grádhach féin chuca: do béidir an tan do chifid é go dtiobhraidís onóir dhó. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b’fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; bʼfhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’ |
Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?
Nuair a chluinfidh teach Iosrael an uile olc atá ar intinn agam a dhéanamh dóibh, b'fhéidir go bhfillfidh gach uile dhuine óna drochshlí, agus ansin mhaithfinnse a n‑éigeart agus a bpeaca dóibh.”
B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”
Dá bhrí sin, a mhic an duine, bailigh leat mála taistil le haghaidh deoraíochta agus imigh leat amach de lá os comhair a súl; rachaidh tú ar deoraíocht ó d'áit féin go háit eile os comhair a súl. B'fhéidir go dtuigfidh siad cé gur dream ceannairceach iad.
Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.
Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”
“Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige.
ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: ‘Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam,
Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach.
Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre,’ ar siad, ‘maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.’
Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn
Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,