Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 36:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Nuair a chluinfidh teach Iosrael an uile olc atá ar intinn agam a dhéanamh dóibh, b'fhéidir go bhfillfidh gach uile dhuine óna drochshlí, agus ansin mhaithfinnse a n‑éigeart agus a bpeaca dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Féadfuidhe go ccluinfeadh tigh Iúdah a nuile olc dar thionscuin misi do dhéanamh dhóibh; chor go bhfillfidis gach uile dhuine ó na dhroichshlighe; chor go maithfinnsi a néigceart agus a bpeacadh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 36:3
35 Tagairtí Cros  

ach má fhilleann sibh agus m'aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m'ainm a lonnú ann.’


Féach an bhfuil drochslí á siúl agam; agus seol mé ar shlí na síoraíochta.


Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”


Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’


ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n‑oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.


Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.


Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.


B'fhéidir go n‑éistfidh siad agus go bhfillfidh gach aon duine óna dhrochshlí; má fhilleann, tiocfaidh aithreachas ormsa faoin olc atá ar intinn agam a dhéanamh orthu mar gheall ar a míghníomhartha.


Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.


B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”


Dá bhrí sin, a mhic an duine, bailigh leat mála taistil le haghaidh deoraíochta agus imigh leat amach de lá os comhair a súl; rachaidh tú ar deoraíocht ó d'áit féin go háit eile os comhair a súl. B'fhéidir go dtuigfidh siad cé gur dream ceannairceach iad.


An mbainim sult as bás an drochdhuine? - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?


Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht. Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle; b'fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.


óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d'éist siad le cluasa bodhránta, d'iaigh siad a súile, d'eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’


chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”


Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; b'fhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’


chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”


ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d'fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.


Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr, agus lena gcluasa is mall a éisteann siad, agus dhún siad a súile, ar eagla go bhfeicfidís lena súile agus go gcloisfidís lena gcluasa agus go dtuigfidís lena gcroí agus go n‑iompóidís chugamsa agus go leigheasfainn iad.’


Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,


agus go n‑iompaíonn tú chun an Tiarna do Dhia, tú féin agus do chlann, agus go ngéilleann tú dá ghlór san uile ní a ordaím duit inniu, ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,


Géillfidh tú do ghlór an Tiarna agus coimeádfaidh tú na haitheanta go léir dá chuid a ordaímse duit inniu.


Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!


Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.


Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí