Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?
Lúcás 2:35 - An Bíobla Naofa 1981 agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin - chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) (agus rachaidh claíomh trí dʼanam féin freisin), ionas go nochtfaí na smaointe i mórán croíthe.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rachaidh claidheamh fríd d’anam féin, ionnas go nochttar smaointe as mórán croidhthe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus rachfaidh claidheamh tré lár t’anma féin; ionnas go nochtfar smaointe as mórán croidhthe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Agus fós, rachaidh cloidh éamh tré thanamsa mar an gcéudna,) do chum go nochdfuidhe smúaintighthe as mórán do chroidhibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus raghaid claidheamh tré t’anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croidhthe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus gabhfaidh claíomh trí dʼanam féin–chun go bhfoilseofar smaointe as mórán croíthe.” |
Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?
Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -
Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.
Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n‑aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh.
Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.
Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.