Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 2:29 - An Bíobla Naofa 1981

“Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir d'fhocail, faoi shíocháin,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“A Thiarna, is anois a cheadaíonn tú do do sheirbhíseach imeacht faoi shíocháin, de réir do bhriathair;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Anois, a Thighearna, leigeann tú do do sheirbhíseach imtheacht fá shíothcháin do réir do fhocail,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Anois, a Thighearna, cuireann tú do sheirbhíseach uait, Le síothcháin, de réir do bhriathair,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A Thighearna, a nois leigeas tú dod shearbhfhoghantuidhe imtheachd a síodhchain, do réir tfhocailféin:

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do seirbhíseach, do réir t’fhocail i síothcháin,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir dʼfhocail, faoi shíocháin,

Féach an chaibidil



Lúcás 2:29
9 Tagairtí Cros  

Maidir leat féin, imeoidh tú chun d'aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit.


Dúirt Iosrael le Iósaef: “Níor chás liom bás a fháil anois de bhrí go bhfaca mé do ghnúis agus go bhfuil a fhios agam gur beo duit fós.”


Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána;


Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.


ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:


Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.


Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”


Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”