Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, ó aois go haois go brách. Agus go gcana na daoine go léir: Amen! Amen! Alleluia!
Lúcás 2:20 - An Bíobla Naofa 1981 Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhill na haoirí, agus iad ag moladh agus ag mórghlóiriú Dé faoinar chuala siad agus faoina bhfaca siad, mar a insíodh dóibh roimh ré. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus phill na h-aodhairí ag tabhairt glóire agus molta do Dhia, mar gheall ar a bhfaca agus ar ar chuala siad, do réir mar dubhradh leo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhill na h‐aodhairí, agus iad ag glóiriú agus ag moladh Dé mar gheall ar a gcualadar agus a bhfacadar, de réir inar adubhradh leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhilleadar na háodhairidhe, ag tabhairt glóire agus ag moladh Dé tré gach ní da gcúaladar agus da bhfacadar, mar a dubhradh riú. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhill na h-aodhairí agus thugadar moladh agus glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo. |
Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, ó aois go haois go brách. Agus go gcana na daoine go léir: Amen! Amen! Alleluia!
Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.
Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann.
Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,
Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,
Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.
Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh.
Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.
Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”