Lúcás 2:19 - An Bíobla Naofa 1981 Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach choinnigh Muire cuimhne ar na nithe sin, agus í ag machnamh orthu ina croí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thaiscigh Muire na briathra sin uilig, ghá mbreathnughadh ina croidhe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do choimhéad Muire na neithe sin go h‐iomlán, ag machtnamh ortha ’n‐a croidhe istigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do thaisgidh Muire na bríathrasa uile, dá mbreathnughadh ann a croidhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú ’n-a croidhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. |
Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: “Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.
Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.
agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.
Rinne Dáiví a mhachnamh ar na focail seo ina chroí, agus tháinig scanradh air roimh Áicís rí Ghat.