Agus beidh sé seo mar chomhartha agat: i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin, agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán. Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain, saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “Cén comhartha a inseoidh dom go leigheasfaidh an Tiarna mé agus go mbeidh mé ag dul suas go Teampall an Tiarna faoi cheann trí lá?”
“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.