Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 2:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus bíáidh so na chomhartha agad, noch thiucfas ar do dhías mac, ar Hóphni agus ar Phinehas; éagfuid aráon a néanló.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 2:34
10 Tagairtí Cros  

Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”


“Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás.


Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”


Nuair a chuirfear na comharthaí sin i gcrích duit, beir ar an bhfaill mar tá Dia leat.


An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m'altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear].


Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.


Gabhadh áirc Dé freisin agus maraíodh Hofnaí agus Píneachás.


D'fhreagair an teachtaire: “Chuir na Filistínigh an teitheadh ar Iosrael. Briseadh go tubaisteach ar an arm; mar bharr ar an donas, tá Hofnaí agus Píneachás, do bheirt mhac, marbh agus tá áirc Dé gafa.”


Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.


Dúirt sí: “D'imigh an ghlóir ó Iosrael, óir gabhadh áirc Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí